Dleacht Stampála a aisíoc sa chás go n-úsáidtear talamh le haghaidh forbartha cónaithe (S83D)

Fógra um Thosach Feidhme

Tagraíonn fógra um thosach feidhme don Fhógra 7 Lá a thíolactar don údarás rialaithe foirgníochta ábhartha (mar shampla, an Chomhairle Contae áitiúil) sula dtosaíonn obair thógála. Is é cuspóir na bhfógraí seo ná chun a chur in iúl don údarás rialaithe foirgníochta go bhfuil sé i gceist agat oibreacha tógála a dhéanamh. Teastaíonn fógraí den sórt sin freisin i gcás ina ndéanann tú athruithe ábhartha ar fhoirgneamh a bhfuil feidhm ag na Rialacháin um Rialú Foirgníochta ina leith.

Chun cáiliú d'aisíocaíocht Dleachta Stampála, ní mór tús a bheith curtha leis an obair thógála tar éis d'údarás rialaithe foirgníochta Fógra um Thosach Feidhme bailí a eisiúint.

Féadtar eolas maidir le Fógraí um Thosach Feidhme agus na Rialacháin um Rialú Foirgníochta a fháil ar shuíomh idirlín  na hOifige Náisiúnta um Rialú Foirgníochta.

Má tá foirgneamh á athchóiriú agat ó fhoirgneamh neamhchónaithe go foirgneamh cónaithe, d'fhéadfadh sé nach mbeadh Fógra um Thosach Feidhme ag teastáil. Féadfaidh sé, áfach, a bheith incháilithe fós chun aisíocaíocht a éileamh faoin scéim seo nuair a thosaíonn an obair tógála. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an An Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampála Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampála (ONDS) sula ndéanann tú d'éileamh.

Ar aghaidh: Coinníollacha chun aisghlámadh aisíocaíochta a sheachaint