Aisíocaíocht Dleachta Stampála i gcás ina n-úsáidtear talamh le haghaidh forbairt chónaithe (S83D)
Forbairt chónaithe a thógtar i gcéimeanna
Is minic a thógtar forbairtí ilionaid i dhá chéim nó níos mó. Nuair a thógann tú forbairt chónaithe ilchéime, féadtar aisíocíocht a éileamh i leith na forbartha iomláine a luaithe a thosaíonn an tógáil ar an gcéad chéim.
I gcás ina n-éiltear aisíocaíocht i leith na forbairt ilchéime iomláine:
Mura gcomhlíontar na coinníollacha seo, féadfaidh tú a bheith incháilithe fós d'aisíocaíocht i leith céimeanna aonair den fhorbairt. I gcásanna den sórt sin, féadtar aisíocaíocht a éileamh i leith céimeanna aonair, a luaithe a thosaíonn an tógáil ar chéim ar leith.
Aisíocaíocht a éilítear i leith forbartha ilchéime iomlán
I gcás ina n-éiltear aisíocaíocht i leith forbartha ilchéime iomlán:
I gcás den sórt sin, ní mór an chéim dheireanach a chur i gcrích laistigh de 30 mí ón dáta a aithníonn an t-údaras rialaithe foirgníochta go bhfuil an fógra um thosach feidhme a bhaineann leis an gcéim sin bailí. I gcás forbairtí chónaithe ar mhórscála (FCManna), cuirtear síneadh leis an tréimhse ó 30 mí go 36 mí. I ngach cás, ní mór an aisíocaíocht a éileamh laistigh de cheithre bliana ón dáta sin.
Sampla 1
I mí Eanáir 2025, ceannaíonn ABC DAC láithreán ina bhfuil sé beartaithe 400 árasán a thógáil i 3 chéim. Nuair a chríochnaítear an obair, beidh na 400 árasán lonnaithe ar níos mó ná 83% den láithreán.
I mí Lúnasa 2025, tosaíonn ABC DAC ar an tógáil ar chéim 1 agus éilíonn sé aisíocaíocht ar an Dleacht Stamp a íocadh ar cheannach an láithreáin. Ós rud é gur cuireadh tús leis an tógáil laistigh den tréimhse riachtanach 30 mí, comhlíontar na coinníollacha aisaíocaíochta.
Comhlíontar na coinníollacha chun aisghlámadh na haisíocaíochta a sheachaint mar:
1. Cuirtear an chéim dheireanach den fhorbairt i gcrích laistigh de 30 mí ó dháta na hadmhála a bhaineann leis an gcéim sin.
2. Tá na hárasáin lonnaithe ar níos mó na 83% den láithreán.
Ciallaíonn sé seo nach lorgóidh na Coimisinéiri Ioncaim aisghlámadh na haisíocaíochta.
Aisíocaíocht a éilítear i leith céim ar leith d'fhorbairt ilchéime
I gcás ina n-éiltear aisíocaíocht i leith céim ar leith:
I gcás ina n-éilítear aisíocaíocht i leith céim ar leith, ní mór an chéim áirithe sin a chur i gcrích laistigh de 30 mí ón dáta a aithníonn an t-údaras rialaithe foirgníochta go bhfuil an fógra um thosach feidhme a bhaineann leis an gcéim sin bailí. I gcás FCManna, cuirtear síneadh leis an tréimhse ó 30 mí go 36 mí. I ngach cás, ní mór an aisíocaíocht a éileamh laistigh de cheithre bliana ón dáta sin.
Sampla 2
I mí an Mheithimh 2024, ceannaíonn BuildCo DAC láithreán ina bhfuil sé beartaithe200 teach agus aonad tráchtála a fhorbairt in 2 chéim. Is eol nach gcomhlíonfaidh an fhorbairt iomlán an 'tástáil 75%' nuair a bheidh an tógáil curtha i gcrích.
Beidh naíonra, siopa agus 50 teach i gcéim 1 den fhorbairt. Tosaíonn an tógáil laistigh den tréimhse riachtanach 30 mí. Is eol, áfach, nach mbeidh na 50 teach lonnaithe ach ar 15% den talamh forbartha faoi chéim 1, agus mar sin ní éilítear aisíocaíocht.
I mí na Samhna 2025, tosaíonn an tógáil ar chéim 2. Tá sé beartaithe 150 teach a thógáil ar an talamh forbartha faoi chéim 2. Ós rud é gur cuireadh tús leis an tógáil laistigh den tréimhse riachtanach 30 mí, beidh BuildCo DAC i dteideal éileamh ar aisíocaíocht a dhéamamh i leith céim 2.
Comhlíontar na coinníollacha chun aisghlámadh na haisíocaíochta a sheachaint mar:
1. Cuirtear céim 2 i gcrích laistigh de 18 mí ó dháta na hadmhála a bhaineann leis an gcéim sin.
2. Tá na 150 teach lonnaithe ar 75% den talamh a chumhdaítear le céim 2.
Ciallaíonn sé seo nach lorgóidh na Coimisinéiri Ioncaim aisghlámadh na haisíocaíochta.
Ar aghaidh: Cén chaoi le haisíocaíocht a éileamh