Gníomhairí Cánach ar Thithe Folmha (CTF)

Féadtar gníomhaire a úsáid chun do chuid Tuairisceán CTF a thíolacadh agus íocaíochtaí CTF a dhéanamh ar do shon. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim cén gníomhaire a d’údaraigh tú chun gníomhú thar do cheann. Chun d'údarú a dheimhniú, féadtar an Fhoirm CTF Fógra um nasc le gníomhaire a úsáid.

Ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe a uaslódáil trí M'Fhiosruithe ag baint úsáide as na eochairfhocail 'CTF' nó 'Cáin ar Thithe Folmha' i moChúrsaí. Cinnteoidh sé seo go bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim an t-iarratas.

Fiosruithe gníomhaire

Ní mór do ghníomhairí teacht ar M’Fhiosruithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) más mian leo fiosrú a dhéanamh faoi chúrsaí cánach a gcliant.

Féadfaidh chustaiméirí gnó a bhfuil deimhniú digiteach ROS acu teacht ar M’Fhiosruithe ón gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ agus ansin ‘Seirbhísí Eile’. Custaiméirí gnó nach bhfuil deimhniú digiteach ROS gníomhach acu, féadfaidh siad clárú le haghaidh moChúrsaí nó ROS.

Níl Uimhir Cláraithe Cánach ag teastáil ó ghníomhairí atá bunaithe thar lear chun clárú le haghaidh ROS. Is féidir le gníomhairí atá lonnaithe thar lear, gan Uimhir Tagartha Cánach Éireannach, clárú le hUimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN). Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh ar TAIN féach Part 37-00-04b.