Caisleán Bhaile Átha Cliath i 1916

Bunaíodh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le hOrdú Rialtais 2/23 an 21 Feabhra 1923, seacht mbliana i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916. Ní eagraíocht iomlán nua a bhí ann - den chuid is mó meascán a bhí i gceist de riaracháin cánach agus custam na Breataine in Éirinn a tugadh le chéile faoi bhainistíocht nua de chuid na hÉireann. Ba é Mícheál Ó Coileáin a rinne an cinneadh chun an dá eintiteas a chumasc nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais i Rialtas Sealadach na hÉireann.

Cé go bhfuil dlúthcheangal idir Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus go bhfuil sé ina cheanncheathrú na hoifige ó 1923 ar aghaidh, d'úsáid rialtas na Breataine foirgneamh eile de chuid Bhaile Átha Cliath a bhfuil an-stádas go deo aige, Teach an Chustaim, i gcomhair a sheirbhísí Custam & Máil agus Dleachta Stampála in Éirinn.

Gach seans gurbh é Mícheál Ó Coileáin a shocraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a bhogadh isteach go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath. Is é an Coileánach féin a ghlac le heochracha an Chaisleáin ó Fhear Ionaid an Rí FitzAlan-Howard an 16 Eanáir 1922.

Chuaigh Bulmer Hobson isteach sna Coimisinéirí Ioncaim i 1924. Ní mór gur thaithin sé leis gurbh é a ionad oibre féin, lárionad cumhachta na Breataine in Éirinn, seal ní ba lú ná trí bliana roimhe sin agus gurbh é sin an áit ar chuir Constáblacht Ríoga na hÉireann agus Póilíní Chathair Átha Cliath na tuarascálacha faisnéise faoina ngníomhaíochtaí chuige.