Na Ceithre Mháistrí

The four masters stamp, an illustration with celtic design and scribes working on text

 

In 1924, fuair Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim dearadh ar stampa darbh ainm 'Na Ceithre Mháistrí' ó ealaíontóir darbh ainm Richard King. Coinníodh ar taifead é go dtí 1944 nuair a bhí dearaí ar stampaí deifnídeacha nua á lorg chun iad a chur in áit na stampaí 'Éire' agus 'An Claidheamh Soluis' a bhí ann. Chuir King dearadh leasaithe chucu, a raibh 'Máistir' amháin ann an uair seo.

Bhí Bulmer Hobson, a rinne maoirseacht ar stampaí poist a phriontáil, an-cháinteach ar an dearadh nua. Bhí sé an-mhíshásta nach ndeachaigh an Roinn Post agus Teileagraf i gcomhairle leis an mBrainse Stampála faoi, mar ba ghnách de réir an ghnáthchleachtais.

D'fhéadfadh go raibh an brúchtadh feirge seo ina chúis le racht le teann stuaice i gcás Hobson.  Chuir sé dearadh ar stampa isteach agus dearaí ar leith ar shraith cártaí poist isteach, agus diúltaíodh gach aon ceann acu. Bhí a chuid dearaí bunaithe ar ghrianghraif a thóg sé i gCiarraí, agus bhí leathanradhairc agus mionghnéithe ailtireachta Theach Mhucrois iontu.

I Feabhra 1944 scríobh Bulmer Hobson chuig comhghleacaí sinsearach sna Coimisinéirí Ioncaim chun gearán a dhéanamh nach ndeachthas i gcomhairle leis an mBrainse Stampála faoin dearadh ar stampa na 'Ceithre Mháistrí' a cheadaigh an tAire Post agus Teileagraf le gairid roimhe sin. Lean sé air ag rá go raibh an dearadh faofa 'níos oiriúnaí do leabhar cleachtaidh scoile ná do stampa poist inghlactha'. Críochnaigh sé agus é á mholadh go raibh an dearadh 'chomh bunúsach sin ó thaobh an charachtair de' nárbh fhiú ealaíontóir a sheoladh chuig Londain chun comhoibriú leis an ngreanadóir den phláta a úsáidfí chun an stampa a phriontáil.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach Taispeántais.