Na chéad laethanta de na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn neamhspleách

21 Feabhra 1923, sé mhí tar éis a bháis, tháinig an mhian a léiríodh i litir dheireanach aitheanta Mhícheál Ó Coileáin chun cinn. Ar an dáta sin, fuair a chuspóir go mbunófaí comhlacht eagraithe chun ioncam an Stáit a bhailiú faomhadh deiridh nuair a reachtaíodh Ordú Rialtais 2/23. Ag bunú Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, dúradh in Ordú 2/23 go mbeadh Bord na gCoimisinéirí Ioncaim amháin ann. Déanta suas de triúr Coimisinéirí, ar Cathaoirleach agus Oifigeach Cuntasaíochta ceaptha duine acu, bheadh phríomhoifig an Bhoird suite i mBaile Átha Cliath.

Ceapadh William O' Brien, de bhunadh na Ceapaí Móire, Co. Luimnigh é, ina chéad Chathaoirleach. Ainmníodh Charles Joseph Flynn agus William Denis Carey mar an bheirt Choimisinéirí. Corcaígh ab ea an bheirt Choimisinéirí. Bhí cúlraí ag an triúr acu in Ioncam Intíre na Ríochta Aontaithe nó i Seirbhísí Custam & Máil.

Dúradh san Ordú go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfeidhmiú a ndualgas, faoi réir rialú an Aire Airgeadais agus go ngéillfidh siad do gach treoir a eiseoidh an tAire dóibh chuige sin. Ar an 13 Márta, 1923, shoiléirigh an tAire Airgeadais ról na gCoimisinéirí Ioncaim tuilleadh, mar seo a leanas:

"Cé go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim freagrach go díreach don Aire Airgeadais as Seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim a riaradh, gníomhóidh na Coimisinéirí go neamhspleách ó rialú na nAirí maidir leis na cumhachtaí reachtúla a dhílsítear iontu a fheidhmiú i leith dliteanas an cháiníocóra aonair."

D'athdhearbhaigh Airí an seasamh seo i rith na mblianta i ndíospóireachtaí éagsúla san Oireachtas.

Ba é sainordú Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim na feidhmeanna go léir a bhí á bhfeidhmiú roimhe seo ag Coimisinéirí de chuid Ioncaim Intíre agus ag Coimisinéirí Custam & Máil i réimse an Stáit a chomhlíonadh. Thug sé seo gach bailiúchán de chuid na gcoimisinéirí ioncaim faoi Bhord amháin. Dhiúltaigh díospóireacht Rialtais roimhe seo do mholtaí maidir le Boird ar leithligh d’Ioncam Intíre agus do Chustam & Mál.

Sula bhféadfadh Oifig nua na gCoimisinéirí Ioncaim feidhmiú, níor mhór oiriúnuithe ar scála mór de reachtaíocht ioncaim na Ríochta Aontaithe a dhéanamh. Tugadh éifeacht dhlíthiúil do dhlíthe a achtaíodh roimh an gConradh, ar choinníoll nach raibh siad déistineach do Bhunreacht Shaorstát Éireann. Go bunúsach, tugadh an chuid is mó den reachtaíocht a teastaíodh chun cánacha agus dleachtanna a ghiniúint ar aghaidh ó riarachán na Ríochta Aontaithe. Mar an gcéanna, níor athraigh na tráchtearraí nó na seirbhísí a mheallann dualgais nó cánacha. Cuireadh an mheicníocht dlí a bhí riachtanach chuige seo go léir i bhfeidhm go tapa agus measadh go raibh éifeacht leis ón 1 Aibreán 1923. Bhí Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha ina dhiaidh sin tar éis léirscrios a dhéanamh ar airgeadas na tíre. Bhí marthanas Saorstát Éireann ag brath ar bhailiúchán cánacha agus dleachtanna ar an Státchiste.

Ba iad seo a leanas príomhréimsí an bhailiúcháin ioncaim sa Stát nuabhunaithe:

  • Dleachtanna custam ar earraí iompórtáilte
  • Dleachtanna máil ar bheoir, biotáille, tobac, fíon agus olaí hidreacarbóin
  • Ceadúnais do tábhairneoirí, grúdairí agus driogairí
  • Cáin Ioncaim agus Forcháin
  • Dleachtanna Eastáit agus Dleachtanna Stampa.

Cuireadh an Bord, an reachtaíocht agus na ceannteidil chánach i bhfeidhm. Ach cad faoi an saineolas gairmiúil riachtanach chun a chinntiú go ndearnadh an athrú ar bhailiúchán ioncaim ar bhealach socair? Thug Airteagal 10 den Chonradh rogha do státseirbhísigh aistriú go Saorstát éireann nó fanacht le riarachán na Ríochta Aontaithe. Laistigh de na Coimisinéirí Ioncaim, roghnaigh go leor Éireannach aistriú a dhéanamh. Ina measc siúd bhí Bill McGarry, duine den bheagán oifigeach aistrithe a mhaireann, a bheadh ina Phríomhchigire Cánacha in am. Duine eile ab ea Maurice Walsh, nach maireann, agus bhain sé cáil idirnáisiúnta amach mar údar ina dhiaidh sin. Ó Lios Eiltín, in aice le Lios Tuathail, bhí Walsh tar éis dul isteach i Seirbhís Custam na Ríochta Aontaithe mar fhear Máil nó ‘Gauger’ sna 1890idí. Ráthaigh coinníoll den Chonradh cearta áirithe tuarastail agus coinníollacha d'oifigigh, cosúil le Maurice Walsh agus Bill McGarry, a bhí aistriú ó riarachán na Ríochta Aontaithe. Bhí na cearta sin ráthaithe ar feadh idirthréimhse seacht mbliana. Rinneadh an t-aistriú níos tarraingtí fós mar gheall air seo.