Patrick Francis Carney: an chéad oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a fuair bás sa Saorstát

Tugann Comóradh Céad Bliain na gCoimisinéirí Ioncaim deis dúinn cuimhneamh ar gach oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus a dteaghlaigh nach maireann. Ba mhaith liom Patrick Francis Carney a thabhairt chun cuimhne, an chéad oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a fuair bás le linn a chuid dualgas.

Ar an gCéadaoin, 21 Feabhra 1923, bhunaigh Saorstát Éireann Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.  Ba iad na chéad Choimisinéirí William O'Brien (1872-1941), Charles J Flynn agus William D. Carey.

Le linn an Chogaidh Chathartha (28 Meitheamh 1922 go 3 Márta 1923), rinneadh níos mó ná fiche ionsaí ar oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim, ar oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar a dtithe.

Ar an 21 Feabhra 1923, ionsaíodh agus scriosadh dhá Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath mar chuid den Chogadh Cathartha. Bhí na hoifigí lonnaithe ag 32 Sráid Nassau agus 4 Plás Beresford. Bhí Patrick Francis Carney, oifigeach Máil, sna hoifigí i bPlás Beresford. Ag 1.30 pm, chuaigh dhá fhear déag armtha isteach sa bhfoirgneamh i bPlás Beresford agus thugadar ordú don fhoireann ar urlár na talún dul isteach i gcúloifig. Ansin dhoirt na creachadóra peitreal ar na leabhair agus ar na cáipéisí agus las siad iad chomh maith leis an staighre. Thuas staighre bhí cúigear oifigeach a d'fhulaing gortuithe agus dónna agus iad ar a mbealach go dtí urlár na talún. Tháinig an bhriogáid dóiteáin go gairid tar éis don tine tosú. Tugadh na daoine a gortaíodh go hOspidéal Shráid Jervis. Thóg na creachadóra airgead ó Oifig an Bhailitheora. Rinneadh éileamh ar chúiteamh agus tá an t-éileamh sin sa Chartlann Náisiúnta anois (FIN/1/2690).

Gortaíodh Patrick Carney go dona le dónna ar uachtar a choirp agus a cheann. Scaoileadh amach as ospidéal Shráid Jervis é faoi chúram dochtúra agus altra ina theach cónaithe. I dtosach, léirigh sé comharthaí téarnaimh, ach chuaigh a riocht in olcas, agus fuair sé bás de bharr a ghortaithe ar an 27 Feabhra. Rinneadh ionchoisne ar 1 Márta agus ar an 2 Márta bhí a shochraid ar siúl i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh. Cuireadh Patrick i sean Reilige Naomh Muire i mBaile Mhic Andáin. San uaigh tá a athair céile, James Grace agus a mháthair chéile Mary Grace, née Dwyer. Ba é Patrick an chéad oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a fuair bás le linn a chuid dualgas faoi rialtas nua an tSaorstáit. Bhreith a bhaintreach Constance a gcúigiú leanbh díreach trí lá tar éis a cuireadh Pádraig ina baile dúchais, Baile Mhic Andáin. D'éag sí ar 17 Eanáir 1955 agus tá sí curtha i Reilig Ghráinseach an Déin, Baile Átha Cliath. Mar chaint leataoibh, ba í Constance a thug an t-aitheasc fáiltithe don Chairdinéal Moran, an chéad chairdinéal san Astráil, nuair a thug sé cuairt ar a bhaile dúchais, Baile Mhic Andáin i 1902.

Tosaíonn scéal Patrick Francis Carney ar 12 Eanáir 1883 nuair a rugadh é in aice le Coillte Mach i gContae Mhaigh Eo, mac le Thomas Carney agus Annie Carroll. Cuireadh oideachas áitiúil ar Patrick agus tar éis dó scrúduithe na Státseirbhíse a chríochnú i 1904, ceapadh é ina oifigeach Máil i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh. Agus é ag fanacht in Óstán Grace i Sráid an Mhargaidh, thit sé i ngrá le comhúinéir an óstáin, Constance Grace (1888-1955), an duine ab óige de dheichniúr clainne a bhí ag James Grace agus Mary Dwyer. Phós Patrick agus Constance i mBaile Mhic Andáin ar 7 Lúnasa 1912. Bhogadar chun cónaí i Móinteach Mílic agus ansin i nDún Dealgan, sular chuir siad fúthu i mBaile Átha Cliath i gCrois Araild lena gceathrar clainne, James, Thomas, Mary agus Patrick. Rugadh a gcúigiú leanbh trí lá tar éis do Patrick a bheith curtha i mBaile Mhic Andáin.

Fear léinn aitheanta Gaeilge ba ea James Carney agus bhunaigh sé Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Garmhac le Patrick Francis Carney ab ea mac James, an Breitheamh Paul Carney (27 Aibreán 1943 – 24 Meán Fómhair 2015) agus bhí sé ina bhreitheamh san Ard-Chúirt.

Bhí mac eile, Thomas, ina Shagart Caitliceach agus bhí sé ina shéiplíneach i Naomh Micheál i nDún Laoghaire; fuair sé bás i 1952 agus gan é ach 38 bliain d'aois.

Forbraíodh Plás Beresford, an oifig a ionsaíodh le linn an Chogaidh Chathartha, i 1792 mar chorrán leanúnach a bhí ailínithe le hais chruinneachán lárnach Theach an Chustaim. Chomh maith le Teach an Chustaim agus sean Duga Theach an Chustaim, ba é James Gandon a dhear na tithe ar dtús. Ba é John Claudius Beresford a d'fhorbair an príomhchorrán go sonrach agus d'fhóin sé ar dtús mar stórthóir do chalafort Bhaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin mar Ardchigire Easpórtálacha agus Iompórtálacha.

Scriosadh Teach an Chustaim nuair d’imigh se trí thine i mBealtaine 1921, agus ba é an foirgneamh a úsáideadh i leith imréitigh marsantais, oifig Phlás Beresford ina raibh Patrick Carney ag obair, a bhí i gceantar Duganna Theach an Chustaim.

Tá Halla na Saoirse anois ar shuíomh oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim i bPlás Beresford.

Map showing location and dimensions of premises marked 'Commissioners of Revenue' on the north of Eden Quay and west side Beresford Place.  The map includes details of the surrounding area, including the Custom House, Lower Abbey Street, Gardiner Street,

Léarscáil a thaispeánann suíomh agus toisí an áitribh ar a bhfuil 'Coimisinéirí na gCoimisinéirí Ioncaim' marcáilte ar an taobh ó thuaidh de Ché Éidin agus an taobh thiar de Phlás Beresford. Tá sonraí faoin gceantar máguaird ar an léarscáil, lena n-áirítear Teach an Chustaim, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Sráid Gardiner, Lána an Fhrancaigh agus Abhainn na Life.

Patrick Carney's family tree

Nótaí Crann Teaghlaigh:

  • Bhí Patrick Dwyer ina Mháistirstáisiún le Cuideachta Iarnróid Chorcaí – Mhaigh Chromtha.
  • Tá Patrick Francis Carney curtha i sean reilige Naomh Muire (CYMS) Baile Mhic Andáin.
  • Reáchtáil Ellen agus Constance Grace teach lóistín i Sráid an Mhargaidh, Baile Mhic Andáin.
  • Ba iad deartháireacha agus deirfiúracha Constance (R:1888) ná John (R:1876 É:1880) Patrick (R:1877) James (R:1878) Anne (R:1880) Daniel (R:1881) Ellen(R:1883) John (2ú) (R:1884) Thomas (R:1885) Michael (R:1886).

Foinsí:

  • An tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 – Éilimh
  • Díolaim Beathaisnéisí na hÉireann (DIB)
  • Ed Synott agus Joe Doyle Cumann Staire Chill Chainnigh Theas
    1. Tagairt Chomhaid 2019/84/129
    2. Tagairt Chomhaid OPW/6/1/12 agus OPW/6/1/64 agus OPW/6/1/65 agus FIN/1/32
  • Freemans Journal 6th Martá 1923
  • Ginealas Éireann
    • Irish Independent 23/07/1904
  • Irish Times 1923-1955
  • Kilkenny People Newspaper 1902 -1925
  • An Chartlann Náisiúnta
  • Pat Cronin, Oifig Pharóiste, Baile Mhic Andáin