Ríomh-thíolacadh éigeantach

Ba chóir duit do thuairisceáin chánach a íoc agus a thíolacadh go leictreonach trí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim síneadh ama leis na spriocdhátaí atá ann má dhéantar tuairisceáin a íoc agus a thíolacadh ag baint úsáide as ROS.

Tá dualgas dlíthiúil ar an bhformór de chustaiméirí gnó na gCoimisinéirí Ioncaim ríomh-thíolacadh agus ríomh-íocaíocht a dhéanamh. Mura n-úsáideann tú ROS chun íoc agus tíolacadh, d'fhéadfá pionós €1,520 a thabhú ort ar gach idirbheart.

Tá tuilleadh eolais ar ríomh-thíolacadh éigeantach ar fáil sa rannán Gnó a thosú.