Aonad 7: Custaim

Spriocanna foghlama

Ag deireadh an aonaid seo, beidh mé in ann:

  1. Forléargas gairid a thabhairt ar an Aontas Eorpach.
  2. Idirdhealú a dhéanamh idir iompórtáil agus easpórtáil.
  3. Sainmhíniú a thabhairt ar an téarma custaim.
  4. Achoimre a thabhairt ar na buntáistí a bhaineann le ballraíocht na hÉireann in Aontas Custaim an AE.
  5. Cur síos a dhéanamh ar na cúinsí ina ngearrtar CBL agus Dleacht Custam ar earraí iompórtáilte.
  6. Míniú a thabhairt ar fheidhmeanna na nÚdarás Custaim agus ar na modhanna a úsáideann na gníomhaireachtaí seo chun monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar earraí iompórtáilte.

Achmhainní

Tá acmhainní modúil ar fáil ina n-aonar sna naisc thíos nó le chéile i mbeart zipáilte ón gcnaipe gorm ‘íoslódáil’.