Aonad 1: Achoimre ar Chánacha

Spriocanna foghlama

Ag deireadh an aonaid seo, beidh scoláirí in ann: 

  1. An téarma cánachas a mhíniú agus breac-chuntas a thabhairt ar chuspóir córais chánach.
  2. Tuiscint a fháil ar na cúiseanna le cánacha a íoc.
  3. Breac-chuntas a thabhairt ar na cineálacha cánacha a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim ó dhaoine aonair agus ó ghnóthaí.
  4. Príomhréimsí ioncaim rialtais (ioncam reatha) agus caiteachais a aithint.

Acmhainní

Tá acmhainní modúil ar fáil ina n-aonar sna naisc thíos nó i mbeart zipáilte ar an gcnaipe gorm ‘íoslódáil’.