Achtanna

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

Taxes Consolidation Act (TCA), 1997

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, de réir mar a foilsíodh é ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann. Níl na leasuithe ar tugadh foráil dóibh sna Achtanna Airgeadais a reachtaíodh ó 1997, san áireamh san Acht a foilsíodh ar an suíomh idirlín sin.

An tAcht Custam, 2015

Customs Act 2015

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar an Acht Custam, 2015, de réir mar a foilsíodh é ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann.  Níl na leasuithe ar tugadh foráil dóibh i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cód Custam), 2016, agus sna Achtanna Airgeadais, a reachtaíodh ó 2015, san áireamh san Acht a foilsíodh ar an suíomh idirlín sin.

Tá tuilleadh eolas ar fáil ar an láithreán gréasáin sin maidir le leasaithe don Acht Custam ó foilsíodh é.

Tá comhdhlúthú riaracháin ar an Acht Custam, 2015, ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí.

Cuireann reachtaíocht custam an Aontais Eorpaigh (AE), an Cód Custam an Aontais (CCA) - an chuid is mó den chreat oibre dlí le haghaidh custam ar fáil go díreach. Tá na rialacha a bhaineann le rátaí Dleachta Custam i gcúinsí éagsúla, luacháil custam, an fhoirm dhearbhaithe agus mar sin de san áireamh anseo.

Cuireadh Cód Custam an Aontais i bhfeidhm trí reachtaíocht thánaisteach i bhfoirm:

  • Gníomh Tarmligthe (GT)
  • Gníomh Cur Chun Feidhme (GCCF)
  • agus
  • a gcuid aguisíní bainteacha.

Foilsíodh téacsanna an GT, an GCCF agus na nAguisíní bainteacha in Official Journal of the European Union L343 of 29/12/15.

Féadtar tuilleadh eolais ar Chód Custam an Aontais a fháil ar an Commission website.

An tAcht Comhdhlúite Cánach Breisluacha, 2010

Value-Added Tax Consolidation Act 2010

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar an Acht Comhdhlúite Cánach Breisluacha, 2010, de réir mar a foilsíodh é ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann. Níl na leasuithe ar tugadh foráil dóibh sna Achtanna Airgeadais a reachtaíodh ó 2010, san áireamh san Acht a foilsíodh ar an suíomh idirlín sin. Tá destination table ar fáil chomh maith ina bhfuil crostagairtí don Acht Cánach Breisluacha, 1972.

Tá comhdhlúthú riaracháin ar an Acht Comhdhlúite Cánach Breisluacha, 2010, ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí.

Léitear Council Implementing Regulation (EU) No 282/2011Council Regulation (EU) No 967/2012 agus Council Implementing Regulation (EU) No 1042/2013 le chéile in éineacht le Treoir 2006/112/CE (an Treoir um CBL) (arna leasú) agus leis an Acht Comhdhlúite CBL, 2010 (arna leasú).  

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003

Capital Acquisitions Tax Consolidation Act 2003

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar an Acht Comhdhlúite Cánacha, 2003, de réir mar a foilsíodh é ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann. Níl na leasuithe ar tugadh foráil dóibh sna Achtanna Airgeadais a reachtaíodh ó 2003, san áireamh san Acht a foilsíodh ar an suíomh idirlín sin.

An tAcht Comhdhlúite Dleachta Stampa, 1999

Stamp Duties Consolidation Act, 1999

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar an Acht Comhdhlúite Dleachta Stampa, 1999, de réir mar a foilsíodh é ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann. Níl na leasuithe ar tugadh foráil dóibh sna Achtanna Airgeadais a reachtaíodh ó 1999, san áireamh san Acht a foilsíodh ar an suíomh idirlín sin.

Cáin Mhaoine Áitiúil

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar na hAchtanna Cánach Maoine Áitiúla de réir mar a foilsíodh é ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann.

Cuireann An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí comhdhlúthú riaracháin ar na hachtanna seo ar fáil:

Consolidation of 2012, 2013, 2015 and 2021 LPT Acts

Achtanna Airgeadais

Leis an nasc thuas, tá rochtain ar na hAchtanna Airgeadais a reachtaíodh ó 1997, de réir mar a foilsíodh iad ar shuíomh idirlín Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann.