Dócmhainneacht phearsanta

Céard iad na réitigh fiachais a bhféachann na Coimisinéirí Ioncaim orthu?

Ó tugadh isteach an tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, tá trí rogha réitigh fiachais ar fáil do cháiníocóirí nach bhféadann a ndualgais chánach a chomhlíonadh

Roghanna réitigh fiachais
RéiteachLeibhéal nó cineál an fhiachais
Fógra um Fhaoiseamh Fiachais (FFF) Faoi €35,000 (srianta i bhfeidhm)
Socraíocht Fiachais (SF) Fiachas neamhurraithe
Socraíocht Dócmhainneachta Pearsanta Fiachas urraithe agus neamhurraithe

Cé hiad na daoine sna Coimisinéirí Ioncaim a dhéanann athbhreithniú ar na réitigh mholta fiachais seo?

Is leis an an Aonad Dócmhainneachta Pearsanta in Rannóg an Ard-Bhailitheora ba chóir an chéad teagmháil a dhéanamh maidir le gach fiosrú a thíolacann Idirghabhálaithe Údaraithe i gcás Fógraí FFF, agus Cleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta i gcás SocraíochtSF nó SDP.

Déanann an tAonad Dócmhainneachta Pearsanta an cinneadh roghnú nó díroghnú, agus an cinneadh chun glacadh le nó diúltú do shocraíochtaí molta.