Fochoiste TALC um Fheidhmiú an Tionscadail um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brábús

Is é feidhm an Fhochoiste TALC um Fheidhmiú an Tionscadail um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brábús ná fóram a sholáthar ina bhféadann na Coimisinéirí Ioncaim agus cleachtóirí cánach plé a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tionscadal um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brábús de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus béim faoi leith ar fheidhmiú éifeachtach an phlean gnímh don tionscadal um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brábús.

Is é ról an fhochoiste ná moltaí a dhéanamh chun feidhmiú agus riarachán níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach don phlean gnímh de réir an chleachtais is fearr de chuid an OECD. Déanfaidh an fochoiste athbhreithniú ar Threoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil le:

  • malartú faisnéise
  • bosca forbartha eolais
  • tuairisciú tír ar thír
  • agus
  • praghsáil aistrithe

in éineacht le pointí eile i bpleananna gnímh eile, de réir mar a thagann siad chun cinn.

Miontuairiscí na gcruinnithe fochoiste 2023

Miontuairiscí na gcruinnithe fochoiste 2022

Miontuairiscí na gcruinnithe fochoiste 2021

Miontuairiscí na gcruinnithe fochoiste 2020

Miontuairiscí na gcruinnithe fochoiste 2019

Miontuairiscí na gcruinnithe fochoiste 2018