Forbairt Custaim Amach Anseo
Pacáiste Athchóirithe Custam
Ar 17 Bealtaine 2023, chuir an Coimisiún tograí uaillmhianacha ar aghaidh le haghaidh athchóiriú Aontas Custaim an an Aontais Eorpaigh (AE).
Is freagairt é an pacáiste athchóirithe ar na brúnna reatha faoina bhfeidhmíonn Custaim an AE. Áirítear orthu sin méideanna trádála méadaithe, go háirithe sa ríomhthráchtáil, líon atá ag fás go tapa de chaighdeáin an AE a éilíonn seiceálacha teorann, agus réaltachtaí agus géarchéimeanna geopholaitiúla athraitheacha.
I measc na mbeart atá beartaithe:
- Údarás Custaim nua de chuid an AE
- Mol Sonraí Custam nua de chuid an AE
- deireadh a chur leis an tairseach reatha trína bhfuil earraí ar luach níos lú ná €150 díolmhaithe ó Dhleacht Custam
- údarú trádálaí 'Iontaobhas agus Seiceáil' a chruthú.
Cuireadh na tionscnaimh reachtúla chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh le haghaidh comhaontaithe, agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le haghaidh comhairliúcháin.
Ar 27 Meitheamh 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le sainordú páirteach. Déantar roinnt leasuithe leis an sainordú seo ar an togra bunaidh ón gCoimisiún, go háirithe:
- mionsonraí maidir le próisis chustaim áirithe
- athruithe ar choincheap an iompórtálaí mheasta chun athruithe sa Treoir CBL a scathánú
- cineál nua trádstórasaithe a thabhairt isteach chun mór-lastais a spreagadh
- Scéim na nOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEOanna) atá ann cheana a choinneáil
- táille láimhseála a thabhairt isteach do choinsíneachtaí ar luach íseal a thagann isteach san AE trí chiandíolacháin
- deireadh a chur leis na tograí maidir le sáruithe custaim agus pionóis.
I measc na ngnéithe eile den togra athchóirithe a bheidh le plé níos déanaí tá
- suíomh Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh
- córas taraife simplithe le haghaidh coinsíneachtaí ar luach íseal
- agus
- an cineál táille láimhseála a bheidh i gceist.
Na chéad chéimeanna eile
Tar éis sainordú caibidlíochta páirteach na Comhairle a ghlacadh, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht tríthaobhach idir Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle maidir leis an gcomhad.
Chuirfeadh na Coimisinéirí Ioncaim fáilte roimh thuairimí faoin bPacáiste Athchóirithe agus is féidir aiseolas a sheoladh chuig importpolicy@revenue.ie.