Faoiseamh Aistrithe Gnó

Is éard atá san Fhaoiseamh Aistrithe Gnó ná faoiseamh ó Cháin Bhreisluacha (CBL) a fheidhmiú ar aistriú sócmhainní gnó do dhuine cuntasach. Samplaí de shócmhainní is ea earraí agus cáilmheas.

Ní mór gurb éard iad na sócmhainní aistrithe ná gnóthas nó cuid de ghnóthas a fhéadtar a oibriú ar bhonn neamhspleách. Nuair a chomhlíontar an tástáil seo, meastar nach soláthar chun críche CBL é an t-idirbheart.

Chun Faoiseamh Aistrithe Gnó a fháil, ní mór duit ceannas a ghlacadh:

  • ar an ngnó uile
  • ar chuid den gnó ina bhféadtar na sócmhainní aistrithe a oibriú mar ghnó.

Tá tuilleadh eolais ar Fhaoiseamh Aistrithe Gnó le fáil sa rannán Treoir breise.