Pacáistiú, loingseoireacht agus postas

Féadtar earraí a sholáthar agus iad pacáilte lena ndíol gan aon mhuirear ar leithligh déanta don phacáistiú ina gcoinnítear na hearraí. I gcásanna den chineál seo, is é an ráta Cánach Breisluacha (CBL) atá inmhuirir ná an ráta a bhaineann leis na hearraí.

Má ghearrtar muirear ar na coimeádáin ar leithligh ó na hearraí, meastar gur díolacháin ar leith earraí agus coimeádán atá san idirbheart. Tá gach díolachán ar leithligh inmhuirir ag an ráta cuí.

 Más amhlaidh go bhfuil na coimeádáin in-aischurtha

Féadann coimeádáin a bheith in-aischurtha agus muirear ar leithligh orthu mar chineál éarlaise, agus é gearrtha orthu ar shonrasc. Is leis an soláthraí an mhaoin agus níl siad faoi réir CBL ag an tráth a aistríonn siad lámha.

Tá CBL iníoctha ag an ráta cuí, áfach, ar luach na gcoimeádán nach gcuirtear ar ais chuig an soláthraí. Ba chóir cuntas a thabhairt i leith an CBL seo nuair atá cuntas na gcoimeádán á chothromú. Gearrann an soláthraí muirear le haghaidh luach na gcoimeádán nach dtugtar ar ais.

Postas

Má ghearrtar táille ar leithligh ar phostas agus má íoctar é go hiomlán le An Post, níl na táillí seo faoi réir CBL sa chás seo.