Dearbháin

Ón 1 Eanáir 2019, tá rialacha agus sainmhínithe nua i bhfeidhm do chineálacha dearbháin áirithe a eisíodh ón dáta sin i leith. Tá tionchar ag na rialacha seo ar an bpointe cánachais agus tá tionchar acu ar an gcaoi a ndéanann trádálaithe ar leith Cáin Bhreisluacha (CBL) a asbhaint.

Leis na rialacha nua, tugadh isteach catagóirí nua dearbhán ar a dtugtar dearbháin aonfheidhme (DAF) agus dearbháin ilfheidhme (DIF). Le haghaidh mioneolas ar an gcánachas CBL ar Dhearbháin Aonfheidhme agus Dearbháin Ilfheidhme, féach Treoir Bhreise.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL ar dhearbháin nach dtagann faoi na rialacha nua i leith dearbhán, féach Treoir Bhreise.