Breitheanna trasteorann Cáin Breisluacha (CBL)

Cúlra

Tá Éire ag glacadh páirt i dtionscadal píolótach i gcomhar le roinnt Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Ligean an tionscadal do dhaoine incháinithe breitheanna a fháil ar an gcánachas CBL ar idirbhearta trasteorann.

Is iad seo a leanas na Ballstáit atá ag glacadh páirt sa tionscadal faoi láthair:

  • An Bheilg
  • An Chipir
  • An Danmhairg
  • An Eastóin
  • An Fhionlainn
  • An Fhrainc
  • An Ungáir
  • Éire
  • An Iodáil
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • Málta
  • An Ísiltír
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • An tSlóivéin
  • An Spáinn
  • An tSualainn.

Iarratas ar bhreith trasteorann CBL

Ní mór do na hidirbhearta a bheith casta agus ní mór gné trasteorann a bheith ag baint leis idir Ballstáit AE atá ag glacadh páirt sa tionscadal píolótach. Ní mór duit d’iarratas ar bhreith trasteorann a thíolacadh i mBallstát an chlárúcháin.

Má tá tú cláraithe sa Stát, féadfaidh tú d’iarratas a thíolacadh chuig an mBrainse Léirmhíniúcháin CBL ag VAT@revenue.ie.

Ar bhonn iarratais den chineál seo, rachaidh údaráis chánach na mBallstát atá i gceist i gcomhairle lena chéile. Roinnfear na sonraí a chuirtear ar fáil eatarthu. Ní thugann an próiseas breitheanna trasteorann ráthaíocht go n-aontóidh na Ballstáit seo ar chánachas CBL na n-idirbheart.

Ní mór duit cur síos sonrach agus soiléir ar do chás a chur ar fáil, lena n-áirítear do thuairim agus/nó amhrais i ndáil le cánachas CBL an idirbhirt.

Tá tuilleadh eolais ar bhreitheanna trasteorann le fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin Eorpaigh.