Sonraisc eisithe ag daoine neamhchláraithe

Níor chóir do thrádálaí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) sonrasc a thaispeánann méid CBL a eisiúint. Maidir le haon trádálaithe atá sé seo déanta acu, beidh siad dliteanach as an CBL a thaispeántar ar an sonrasc. Féadfar go mbeadh ar an duine sin pionóis a íoc.

Ní bhaineann an riail seo le feirmeoir neamhchláraithe a eisíonn sonrasc faoi na socruithe speisialta maidir le feirmeoirí ar ráta comhréidh.