Carthanais agus eagraíochtaí daonchairdis

Carthanais agus CBL

Níl díolúine ghinearálta ó Cáin Bhreisluacha (CBL) ann do Charthanais. Tá faoisimh shonracha ann, áfach, ó CBL i gcúinsí éagsúla.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Treoir bhreise i dtaca le cánachas CBL carthanas.

Scéim Cúitimh um CBL do Charthanachtaí

Tá an Rialtas tar éis Scéim Cúitimh um CBL a thabhairt isteach do Charthanachtaí. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo go laghdófar an ualach cánach breisluacha a bhíonn ar charthanachtaí trí chúiteamh páirteach a chur ar fáil dóibh as an CBL a chaitear chun an carthanacht a riar ó lá go lá. Tá feidhm ag an scéim seo le CBL a íoctar ar chaiteachas roimh an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolas ag an Scéim Cúitimh um CBL do Charthanachtaí.