Carthanais agus eagraíochtaí daonchairdis

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi a ndéanann eagraíochtaí daonchairdis CBL a aiséileamh?
  3. Carthanais agus CBL

Cén chaoi a ndéanann eagraíochtaí daonchairdis CBL a aiséileamh?

Féadfaidh eagraíochtaí daonchairdis aiséileamh a dhéanamh ar Cháin Bhreisluacha (CBL) a íocadh ar earraí a soláthraíodh nó a iompórtáladh isteach sa Stát agus a dhéantar a easpórtáil nó a easpórtáil arís lena n-úsáid i ngníomhaíochtaí daonnúla, carthanachta nó teagaisc a gcuid eagraíochtaí sin thar lear.

Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar Fhoirm CBL 73 agus ní mór é a chur isteach taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ar aghaidh: Carthanais agus CBL