Trealamh leighis agus taighde deonta

Cén chaoi le CBL a éileamh ar ais ar threalamh taighde?

Féadfaidh na dreamanna seo a leanas aiséileamh a dhéanamh ar CBL a thabhaítear ar aon ghléas nó fearas nua taighde a cheannaítear nó a iompórtáiltear, agus a cheannaítear trí thabhartais dheonacha:

  • institiúid taighde
  • ollscoil
  • scoil
  • comhlacht oideachais den chineál sin.

Ní mór dóibh a bheith i mbun taighde leighis i saotharlann.

Is gá do na huirlisí agus na fearais na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • a bheith nua
  • luach €25,390 nó níos mó (ar leith ó CBL) a bheith acu
  • a bheith deartha agus monaraithe le haghaidh úsáide i dtaighde leighis
  • ceannaithe gan aon cistí soláthartha ag an Stát nó comhlacht stáit go díreach nó go hindíreach
  • agus
  • go mbeidh siad faoi réir moladh ón nGrúpa Taighde Sláinte.

Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ba chóir an fhoirm éilimh VAT 72A in éineacht le cáipéisí tacaíochta a chur ar ais chuig an Rannóg aisíocaíochtaí neamhchláraithe CBL.