Ór Infheistíochta

Féadtar Cáin Bhreisluacha (CBL) a tabhaíodh ar earraí agus seirbhísí atá ceangailte le táirgeadh nó trasfhoirmiú óir infheistíochta a aisíoc. Tá feidhm aige seo i gcúinsí áirithe.

Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ní mór iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar bhFoirm VAT 90.