Carbháin chónaithe agus tithe soghluaiste

Má cheannaíonn tú carbháin , tithe soghluaiste nó struchtúir chomhchosúil, d'fhéadfaí Cáin Bhreisluacha (CBL) a ghearradh ort ag an ráta caighdeánach. Sa chás gurb é an struchtúr do bhuanáit chónaithe, d'fhéadfá cáiliú d'aisíocaíocht ar chuid den CBL a íocadh. 

Is é an chuid den CBL inaisíoctha ná an difríocht idir an ráta caighdeánach a ghearrtar agus an ráta laghdaithe. Baineann sé seo freisin le hÚdaráis Áitiúla a sholáthraíonn na carbháin nó na tithe soghluaiste do thionóntaí mar áiteanna cónaithe.

Ní mór éileamh ar aisíocaíocht a thíolacadh laistigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh. Ní mór iarratais ar aisíocaíocht a dhéanamh ar Fhoirm CBL 62.