Léargas ginearálta rialacha ríomhThráchtála CBL

Leasaíodh an Treoir um Cháin Bhreisluacha (CBL) chun oibleagáidí CBL a shimpliú maidir le gníomhaíochtaí ríomhthráchtála. Tháinig na hathruithe seo i bhfeidhm ón 1 Iúil 2021.

Tá athruithe suntasacha tagtha mar thoradh ar na leasuithe seo ar an mbealach a bhfeidhmíonn CBL do ghníomhaíochtaí ríomhThráchtála trasteorann gnó-le-tomhaltóir (B2C) san Aontas Eorpach (AE).

Is iad seo a leanas na príomh-athruithe a tháinig i bhfeidhm ón 1 Iúil 2021:

  • Síneadh ar an Mion-Ionad Uile-Ghnó (MIUG) go dtí Ionad Uile-Ghnó (IUG).
  • Déileáil le margaí agus ardáin ar líne mar sholáthraithe measta le haghaidh idirbhearta áirithe.
  • Ionad Uile-Ghnó Iompórtála (IUGI) a thabhairt isteach.
  • Socruithe speisialta a thabhairt isteach le haghaidh iompórtálacha áirithe earraí.

Reachtaigh na hathruithe atá déanta ar an Treoir um CBL atá i ndlí na hÉireann trí na  rialacháin a leanas:

  • S.I No. 327 of 2021 - European Union (Value-Added Tax) Regulations 2021
  • S.I No. 328 of 2021 - European Communities (Exemption from Value-Added Tax on the permanent importation of certain goods) (Amendment) Regulations 2021 

Tá eolas níos mionsonraithe ar na rialacha riomhthráchtála CBL nua le fáil in Treoir bhreise.