Mion-Ionad Uileghnó (MIUG) - ón 1 Iúil 2021, níl feidhm ag an MIUG a thuilleadh

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Ón 1 Iúil 2021, ní bheidh feidhm ag an MIUG a thuilleadh. Beidh soláthairtí seirbhísí Teileachumarsáide, Craoltóireachta agus Ríomhsheirbhísí (TCR) a bhí clúdaithe faoin MIUG cheana clúdaithe faoin Ionad Uileghnó (IUG) ón 1 Iúil. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an IUG, féach Ríomhthráchtáil CBL.

Is beart simpliúcháin é an Scéim Cánach Breisluacha (CBL) MIUG. Le MIUG, laghdaítear an t-ualach riaracháin agus an costas gnó ar soláthar seirbhísí TCR do dhaoine neamh-incháinithe.

Mura mbaineann tú leas as an scéim CBL MIUG do sheirbhísí den chineál sin, iarrfar ort clárú le haghaidh CBL, muirear a ghearradh agus cuntas a thabhairt ar CBL i ngach Ballstát a dhéanann tú na soláthairtí gnó le tomhaltóir seo.

MOSS an Aontais agus neamh-Aontais

Tá dhá chineál scéim taobh istigh de MIUG:

  • Tá scéim an Aontais do dhaoine neamh-incháinithe atá bunaithe san Aonts Eorpach ach a bhfuil soláthairtí á dhéanamh acu i mBallstáit nach bhfuil siad bunaithe.
  • Tá an scéim neamh-Aontais do dhaoine neamh-incháinithe nach bhfuil bunaithe san Aontas Eorpach.

Den chuid is mó, maidir leis na rialacha a bhaineann le hoibriú MIUG, is ionann na rialacha a bhaineann leis an na rialacha a bhaineann le scéim MIUG an Aontais agus scéim neamh-Aontais. An t-aon difríocht ná an critéir a úsáidtear le cinneadh cén áit a bhféadfaidh an gnó clárú le haghaidh MOSS

An bhfuil an scéim MIUG roghnach nó éigeantach?

Tá úsáid na scéime MIUG roghnach. Má roghnaíonn tú MIUG a úsáid, áfach, ní mór duit é a úsáid do do chuid soláthairtí seirbhísí TCR Gnó le Tomhaltóir uile do Bhallstáit nach bhfuil tú bunaithe.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn MOSS?