Mion-Ionad Uileghnó (MIUG) - ón 1 Iúil 2021, níl feidhm ag an MIUG a thuilleadh

Céard a tharlaíonn má tá mo láimhdeachas faoin tairseach clárúcháin CBL?

Maidir leis na tairseacha clárúcháin Cánach Breisluacha (CBL) a bhaineann le gnóthais bheaga, ní bhaineann siad le gnóthais nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát.

Le héifeacht ó 1 Eanáir 2019, tá tairseach nua áit an tsoláthair i bhfeidhm ar an Mionionad Uileghnó (MOSS). Faoi na rialacha nua seo, is sa Bhallstát seo a leanas a fhanann na seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus ríomhsheirbhísí (TCR) trasteorann:

  • an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe
  • an Ballstát ina bhfuil buanseoladh an tsoláthraí
  • an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an soláthraí.

suas le tairseach bhliantúil €10,000. Tá tuilleadh sonraí faoi seo san áireamh faoin gceannteideal: Cén chaoi a n-oibríonn MOSS?

Féadfaidh sé go bhfuil gnóthas bunaithe sa Stát ach gan dualgas a bheith air clárú le haghaidh CBL sa Stát. Má sholáthraíonn an gnóthas sin seirbhísí TCR do thomhaltóirí i mBallstáit eile os cionn na tairsí €10,000 seo, beidh dualgas air ceann díobh a dhéanamh:

  • clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL sna Ballstáit sin
  • clárú le haghaidh MOSS sa Bhallstát.

Féadfaidh gnóthais dá leithéid clárú le haghaidh MOSS gan aon cheangal orthu clárú le haghaidh CBL i ndáil lena soláthairtí chuig tomhaltóirí sa Stát. Tá sé seo ar an gcoinníoll nach sáraítear na tairseacha clárúcháin intíre.

Ó 1 Eanáir 2019, níl aon dualgas ar ghnóthas clárú le haghaidh MOSS sa chás nár sáraíodh an tairseach bhliantúil le haghaidh seirbhísí TCR chuig tomhaltóirí i mBallstáit eile. Féadann an gnóthas, áfach, an méid seo a leanas a dhéanamh sna cúinsí seo:

  • roghnú clárú le haghaidh MOSS, faoi réir coinníollacha
  • fanacht sa chóras MOSS má táthar cláraithe cheana féin.

De rogha air sin, féadann gnóthas díchlárú go saorálach ó MOSS.

Céard a tharlaíonn mura bhfuil uimhir CBL agat?

Nuair atá tú ag comhlánú an phróisis cláraithe MOSS, ba chóir Uimhir Cánach Corparáide nó Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) (mar is iomchuí) an iarratasóra a chur ar fáil, de rogha ar uimhir CBL. Ba chóir aon fhiosruithe i ndáil leis an bpróiseas clárúcháin a dhíriú ar an deasc chabhrach MOSS.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn MOSS nuair atá bunaíochtaí il-bhrainsí ag gnóthas?