Mion-Ionad Uileghnó (MIUG) - ón 1 Iúil 2021, níl feidhm ag an MIUG a thuilleadh

Cén saghas soláthairtí a bhféadtar a úsáid le MOSS?

Ní fhéadfaidh MOSS a úsáid ach maidir leis na soláthairtí seo a leanas:

  • teileachumarsáid
  • craoltóireacht
  • seirbhísí leictreonacha

Le custaiméir neamh-incháinithe i mBallstát nach bhfuil an soláthróir bunaithe ann.

Ní fhéadfaidh MOSS a úsáid maidir leis an méid seo a leanas:

  • soláthairtí do chustaiméirí neamh-incháinithe i mBallstát inar bhunaigh an soláthróir a g(h)nólacht nó ina bhfuil bunaíocht sheasta ag an soláthróir
  • soláthairtí gnólacht le gnólacht
  • soláthairtí earraí.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn má tá mo láimhdeachas faoin tairseach clárúcháin CBL?