Socruithe speisialta
Ón 1 Iúil 2021, tugadh isteach socruithe speisialta mar shimpliú le haghaidh CBL iompórtála a dhearbhú agus a íoc.
Sa chás go mbaineann na socruithe speisialta:
- Ní gá don dearbhóir ach an CBL iompórtála a bailíodh ón gcustaiméir a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.
- Ní íocfaidh an dearbhóir atá ag cur na n-earraí ar fáil do Chustaim an CBL iompórtála ag an bpointe iompórtála.
- Bailítear an CBL iompórtála atá dlite ón gcustaiméir. Íocfaidh an dearbhóir an CBL iompórtála a bhailíonn siad ansin leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtuairisceán míosúil.
- Cuirtear íocaíocht an CBL iompórtála siar. Beidh an íocaíocht dlite faoin 15ú den mhí i ndiaidh na míosa ina n-iompórtáiltear na hearraí.
Dearadh an simpliú a go príomha d’oibreoirí poist, luasiompróirí nó gníomhairí custam eile.
Féadtar na socruithe seo a chur i bhfeidhm sa chás nach bhfuil ceachtar den dá rud a leanas in úsáid Ionad Uileghnó Iompórtála (IUGI) nó an gnáthmheicníocht bailithe CBL ag tráth na hiompórtála.
Tá na hearraí uile a iompórtáiltear faoi na socruithe speisialta faoi réir an ráta chaighdeánaigh CBL.
Ní fhéadann na socruithe speisialta a bheith i bhfeidhm acu ar na hiompórtálacha seo a leanas:
- Ní mór do na hearraí a bheith i gcoinsíneacht ar luach intreach nach mó ná €150.
- Ní mór nach bhfuil na hearraí faoi réir dleachtanna máil.
- Ní mór na hearraí a sheachadadh do chustaiméir in Éirinn agus ní mór go ndéantar an dearbhú in Éirinn.
- Ní mór nach n-úsáidtear an IUGI chun an CBL dlite ar an iompórtáil a dhearbhú agus a íoc.
Níl úsáid na socruithe seo éigeantach, ach tá sé faoi réir chur i bhfeidhm agus ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shocruithe speisialta, lena n-áirítear míniú ar luach intreach agus incháilitheacht chun na socruithe seo a chur i bhfeidhm.