Ábhar clóite agus grianghrafadóireacht

Ábhar clóite

Feidhmítear rátaí éagsúla Cánach Breisluacha (CBL) ar sholáthar ábhair clóite.

Mar shampla:

  • tá leabhair éagsúla, closleabhar agus nuachtáin faoi réir an ráta nialasach
  • tá tréimhseacháin faoi réir an dara ráta laghdaithe
  • tá ábhar eile clóite, stáiseanóireacht san áireamh, faoi dhliteanas ag an ráta caighdeánach.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL i dtaca le hábhar clóite le fáil sa rannán Tuilleadh Treoracha.

Grianghrafadóireacht

Feidhmítear rátaí éagsúla Cánach Breisluacha (CBL) ar sholáthairtí grianghrafadóireachta.

Mar shampla:

  • Féadtar ráta nialasach CBL a fheidhmiú ar leabhar ina bhfuil grianghraif neamhchoimisiúnaithe clóite faoi réir coinníollacha áirithe.
  • Féadtar an ráta laghdaithe CBL a fheidhmiú ar sholáthar:
    • raon leathan earraí grianghrafadóireachta amhail clónna, claonchlónna agus scannán nochta
    • seirbhísí áirithe amhail eagarthóireacht scannáin agus micreascannánaíochta.
  • Baineann an ráta caighdeánach CBL le soláthairtí áirithe eile in earnáil na grianghrafadóireachta. Folaíonn na soláthairtí seo soláthar táirgí digitithe ar dhiosca, nó íoslódálacha le ríomhaire.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL ar ghrianghrafadóireacht le fáil sa rannán Treoir breise.