Scéimeanna speisialta do mhiondíoltóirí

Cabhraíonn na scéimeanna speisialta do mhiondíoltóirí le miondíoltóirí cuntas a thabhairt i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) maidir lena n-idirbhearta miondíola. Freastalaíonn na scéimeanna ar aicmí difriúla miondíoltóirí le láimhdeachais bheaga nó móra agus le díolacháin inmhuirir ag rátaí éagsúla CBL.

Féadann na miondíoltóirí seo a leanas na scéimeanna a úsáid:

  • miondíoltóirí a dhíolann earraí ag dhá ráta CBL nó níos mó
  • miondíoltóirí nach bhfuil áiseanna acu fáltais a scaradh ina rátaí difriúla ag an díolphointe agus nach bhféadtar a bheith ag súil leis go réasúnach go ndéanfaí amhlaidh
  • agus
  • miondíoltóirí a dhíolann earraí san fhoirm ina gceannaítear iad. Is é sin, gan a thuilleadh próiseála le déanamh ina dtáirgeacht nó monarú.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir leis na scéimeanna speisialta do mhiondíoltóirí le fáil sa rannán Treoir breise.