Lóistín d’aíonna agus lóistín saoire

Tá soláthar lóistín d’aíonna agus lóistín saoire incháinithe ag ráta laghdaithe na Cánach Breisluacha (CBL).

Is éard atá i gceist le soláthar lóistín d'aíonna nó saoire ná saothrú gníomhach a dhéanamh ar mhaoin. De ghnáth, bíonn roinnt gnéithe seirbhíse sa bhreis i gceist a dhéanann éagsúil é ó maoin a ligean ar cíos. Ní bhíonn éifeacht ag an achar ama a fhanann aoi ar an gcánachas CBL.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le ar lóistín d’aíonna agus lóistín saoire ar fáil sa rannán Treoir bhreise.