Seirbhísí oideachais

Tá soláthar seirbhísí oideachais do leanaí nó do dhaoine fásta agus oideachas scoile nó ollscoile díolmhaithe ó CBL. Tá díolúine ó CBL ag baint freisin le teagasc príobháideach i leith oideachas scoile nó ollscoile. Tá díolúine ó CBL ag baint le gairmoiliúint agus le seirbhísí athoiliúna, nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe. 

Féach an rannán Treoir breise le haghaidh tuilleadh eolais faoi chánachas CBL ar oideachas agus ar ghairmoiliúint.