Cead isteach in imeachtaí

Cánachas CBL maidir le cead isteach chuig imeachtaí

Is éard is cead isteach ann ná ceart iontrála a dheonú, lena n-áirítear rochtain a dheonú ar imeacht ar líne mar chúiteamh ar tháille. D'fhéadfaí an táille seo a bheith iníoctha roimh ré, tráth na hócáide, nó trí tháille thréimhsiúil, síntiús ticéad séasúir nó muirear bliantúil.

Is éard atá i gceist le himeacht ná rud éigin ar leith a tharlaíonn ar feadh tréimhse áirithe, in áit ar leith. Mar shampla, taispeántas trádála dhá lá nó ceolchoirm. Ní chuimsíonn imeacht cineálacha eile seirbhísí a bhíonn ar siúl thar thréimhse fhada. Féadtar freastal ar imeacht go pearsanta nó go fíorúil.

Tá tuilleadh eolais níos mionsonraithe ar an gcánachas CBL maidir le cead isteach chuig imeachtaí le fáil sa rannán treoir bhreise.

Ar aghaidh: Cánachas CBL ar chead isteach do pháirceanna siamsaíochta agus páirceanna aonaigh