Seirbhísí míochaine

Tá seirbhísí áirithe míochaine incháilithe le haghaidh díolúine ó Cháin Bhreisluacha (CBL) nuair a chuireann gairmí míochaine aitheanta iad ar fáil.

Déantar seirbhísí míochaine den chineál sin chun críocha:

  • sláinte an othair a chosaint, lena n-áirítear a chothabháil nó a athneartú
  • galair agus neamhoird shláinte a dhiagnóisiú, a chóireáil agus, más féidir, a leighis.

Tá tuilleadh eolais ar chánachas CBL maidir le seirbhísí míochaine le fáil sa rannán Tuilleadh Treoracha.