Céard is féinbhilleáil ann?

Is éard is féinbhileáil ann ná nuair a ghlacann custaiméir atá cláraithe do Cháin Bhreisluacha (CBL) freagracht as sonrasc CBL a sholáthraí a eisiúint. Féadfaidh tú an sonrasc féinbhilleála a ullmhú ar choinníoll:

  • go bhfuil comhaontú roimh ré leis an soláthraí go bhféadfaidh tú an sonrasc a dhréachtú agus a eisiúint
  • go gcomhlíonann tú na cionníollacha uile a bhaineann le hábhar agus le heisiúint an tsonraisc
  • go bhfuil nósanna imeachta comhaontaithe ann chun go nglacfaidh an soláthraí le bailíocht an tsonraisc
  • agus
  • go gcuireann tú 'féinbhileáil' ar an sonrasc.

Meastar gur eisigh soláthraí sonrasc faoi na socruithe seo nuair a ghlacann siad leis.

Féinbhilleáil agus soláthraithe

Má dhéanann tú socrú féinbhileála le do chustaiméir, beidh tú faoi dhliteanas i leith an CBL. Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh CBL agus cuntas a thabhairt ar an CBL do na Coimisinéirí Ioncaim. Má eisíonn tú sonrasc a chuimsíonn CBL agus tú gan a bheith cláraithe do CBL, beidh tú faoi dhliteanas an CBL sin a íoc. Baineann sé seo freisin leis an gcás ina n-ullmhaítear an sonrasc thar do cheann. Ina theannta sin, d'fhéadfá a bheith faoi dhliteanas pionóis seasta de €4,000.