Trádálaithe agus próisis údaraithe

Luacháil réamhchlárúcháin ar bhreiseáin

Féadann déileálaí údaraithe iarratas a dhéanamh go ndéanfaí luacháil ar bhreiseáin feithicle roimh choinne leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC). Cinntíonn sé seo go mbeidh luacháil ar bhreiseáin ar fáil ag tráth an chlárúcháin.

Ba chóir an t-iarratas a sheoladh trí M'Fhiosraithe chuig an An tSeirbhís Náisiúnta CCF, roimh an gcoinne.

Sa chás go bhfuil feithiclí iomadúla ar an liosta ar shonrasc ceannaigh amháin, ba chóir cóip den sonrasc a bheith in éineacht le gach foirm.

Nuair atá luacháil na mbreiseán comhlánaithe, seolfar an fhoirm cheadaithe ar ais chuig an iarratasóir.

Ní mór an fhoirm stampáilte bhunaidh a sholáthar leis an bhfeithicil ag tráth an chlárúcháin.  

Ar aghaidh: Ainm agus seoladh an úinéara