Trádálaithe agus próisis údaraithe

Feithicil nua a chlárú

Tabhair do d'aire

Ón 5 Iúil 2026, tá nósanna imeachta nua le bheith i bhfeidhm nuair a chláraíonn tú feithicil nua de chatagóir M nó N. Téigh chuig an leathanach Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS) le haghaidh tuilleadh eolais.

Leis an tseirbhís clárúcháin feithicle, féadann úsáideoirí gnó atá cláraithe le haghaidh Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF), feithiclí nua agus feithiclí réamhscrúdaithe a chlárú ar líne. Ní mór duit a bheith cláraithe chomh maith chun Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Feithiclí Nua (feithiclí ó dháileoirí Éireannacha)

Cinntigh, sula leanann tú ar aghaidh, go dtíolactar an Deimhniú Comhréireachta leictreonach (e-COC)[1].

Chun an tseirbhís seo a úsáid, teastóidh an méid seo a leanas:

  • Uimhir Aitheantais na Feithicle (UAF)
  • uimhir an teastais breithe
  • an cód staitistiúil
  • dath na feithicle
  • tír thionscnaimh
  • uimhir an innill
  • aon sonraí faoi dhíolúine[2]
  • aon sonraí clárúcháin forchoimeádta[3]
  • an modh íocaíochta íocaí Uimhir Cuntais Trádálaí (TAN)
  • luach na míreanna breise roghnacha
  • ainm agus seoladh an úinéara.

Feithiclí Réamhiniúchta ag an SNTC (an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna)

Má rinne an SNTC réamhiniúchadh ar d’fheithicil, teastóidh an méid seo a leanas uait:

  • an Uimhir Aitheantais Feithicle
  • ainm agus seoladh an úinéara
  • an modh íocaíochta íocaí TAN
  • aon sonraí faoi dhíolúine.[4]

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ón rannán ‘Tuairisceán a thíolacadh’, cliceáil ar ‘Comhlánaigh Foirm ar líne’ agus ón liosta ‘Roghnaigh cineál cánach’, roghnaigh ‘CCF’.
  • Déan do rogha ón roghchlár ‘Cineál’.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Tíolaic Tuairisceán’.

[1] Ní mór ríomh-Dheimhniú Comhréireachta a bheith ar an taifead, ach amháin más sa chatagóir T5 agus UV atá an fheithicil atá á clárú.

[2] Teastaíonn an t-eolas seo má tá díolúine ag an bhfeithicil.

[3] Teastaíonn an t-eolas seo má tá uimhir forchoimeádta clárúcháin ag an bhfeithicil.

[4] Teastaíonn an t-eolas seo má tá díolúine ag an bhfeithicil.

Ar aghaidh: Díchlárú feithiclí