Faoisimh agus díolúintí

Díolúine shealadach

Daoine bunaithe taobh amuigh den Stát

Daoine aonair bunaithe taobh amuigh den Stát is ea daoine a bhfuil a ngnátháit chónaithe taobh amuigh den Stát. Chun tuilleadh eolais a fháil ar ghnáthchónaitheacht, féach ar Aistriú Cónaitheachta.

Comhlachtaí bunaithe taobh amuigh den Stát is ea comhlachtaí a bhfuil an t-aon áit ghnó atá acu, nó a bpríomháit ghnó, taobh amuigh den Stát.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim díolúine shealadach a dheonú i leith feithicle ón riachtanas chun clárú sa Stát:

  • má tá sí faoi cháin agus cláraithe thar lear
  • má bhí sí faoi úinéireacht nó cláraithe ar an gcoigríoch ag duine bunaithe taobh amuigh den Stát
  • mura raibh sí diúscartha, fruilithe, nó tugtha ar iasacht do dhuine bunaithe sa Stát
  • mura dtiomáintear í ag duine bunaithe sa Stát, seachas le cead ó na Coimisinéirí Ioncaim
  • mura n-úsáidtear í chun duine a iompar ar luaíocht taobh istigh den Stát, i gcás carr paisinéirí nó gluaisrothair
  • agus
  • mura n-úsáidtear í chun earraí a iompar chun críocha gnó, i gcás carr paisinéirí nó gluaisrothair

Má cháilíonn tú, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar dhíolúine shealadach nach sáraíonn 12 mhí. Is gá duit, áfach, na doiciméid a léiríonn go bhfuil tú incháilithe a iompar leat san fheithicil.  Ní mór iad seo a thaispeáint nuair a iarrann oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim iad ag seicphointe.

Má tá sé ar intinn agat díolúine a fháil le haghaidh tréimhse thar 12 mhí, ní mór duit iarratas a dhéanamh le hoifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní bhaineann sé seo, áfach, le carr paisinéirí nó gluaisrothar:

  • sa chás go bhfuil tú sa Stát le haghaidh staidéir
  • sa chás go bhfuil tú bunaithe taobh amuigh den Stát agus nach dtaistealaíonn tú ach chun na hoibre agus ón obair sa Stát.

Maidir le carr nó gluaisrothar faoi úinéireacht comhlacht carranna ar cíos bunaithe taobh amuigh den Stát, féadtar an méid seo a leanas a dhéanamh leo:

  • iad a athfhruiliú uair amháin do dhuine bunaithe taobh amuigh den Stát chun iad a thógáil taobh amuigh den Stát
  • iad a thógáil taobh amuigh den Stát ag aon fhostaí den chomhlacht carranna ar cíos.

Daoine aonair bunaithe sa Stát

Go ginearálta, is gá feithiclí arna dtiomáint ag cónaitheoirí Stáit a bheith cláraithe sa Stát. Féadtar, áfach, iarratas a dhéanamh ar dhíolúine shealadach má tá tú cónaitheach sa Stát agus go bhfuil tú:

  • fostaithe ag fostóir bunaithe agus ag trádáil i mBallstát eile
  • féinfhostaithe agus gnó agat agus a bpríomhthrádáil á déanamh i mBallstát eile.

Ní mór don fheithicil:

  • a bheith ina carr paisinéirí nó ina gluaisrothar cláraithe thar lear
  • a bheith curtha ar fáil faoi do chonradh fostaíochta agus faoi úinéireacht nó léasaithe ag d’fhostóir
  • gan a bheith diúscartha nó fruilithe sa Stát nó tugtha ar iasacht do dhuine bunaithe sa Stát
  • gan a bheith in úsáid chun duine a iompar ar luaíocht taobh istigh den Stát
  • gan a bheith in úsáid chun earraí a iompar chun críocha gnó taobh istigh den Stát
  • agus
  • a bheith in úsáid go príomha chun críocha gnó taobh amuigh den Stát. (Níl taisteal chuig nó ó d’áit oibre san áireamh mar úsáid gnó.)

Díolúintí sealadacha eile

Féadann díolúine shealadach a bheith ar fáil le haghaidh feithicle a thugtar isteach sa Stát sna cásanna seo:

  • nuair a úsáidtear í go heisiach chun críocha comórtais, seó taispeántais, taispeáint nó críocha den chineál céanna
  • nuair atá sí déanta nó oiriúnaithe go speisialta mar threalamh gairmiúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an treoirleabhair atá le fáil in Treoir bhreise.