Áireamhán VRT

Ríomh an Praghas Díola Margaidh Oscailte (OMSP) chun críocha Cánach Cláraithe Feithiclí (VRT) agus an méid VRT atá iníoctha i dtaca le feithiclí áirithe atá ar coimeád i mbunachar sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim. Tabhair faoi deara nach n-áirítear roinnt Déanamh / Múnlaí / Astuithe CO2. Tá VRT iníoctha i leith aon bhreisiúchán a fheistítear ar fheithicil.

Cheap na Coimisinéirí Ioncaim STNG le roinnt feidhmeanna a bhaineann le clárú feithiclí a chur i gcrích.

Mar sin níltear in ann feithicil a chlárú ag Oifig Cláraithe Feithiclí na gCoimisinéirí Ioncaim níos mó. Ina ionad sin ní mór an fheithicil a thabhairt go dtí Lárionad STNG le haghaidh clárúcháin.

Ní mór coinne a chur in áirithe don STNG laistigh de 7 lá i ndiaidh don fheithicil teacht isteach sa Stát agus clárú na feithicle a chríochnú laistigh de 30 lá ó tháinig sí isteach sa Stát.

Nósanna Imeachta Athbhreithnithe maidir le Clárú Feithiclí - i bhfeidhim ó 1 Mean Fómhair, 2010

Tuilleadh Eolais ar VRT: Cáin Cláraithe Feithiclí


Leagan furasta le priontáil