Scairscéimeanna - eolas d'fhostaithe
Féadfaidh d'fhostóir scair-rogha a dheonú duit a thugann an ceart duit scaireanna a fháil sa chuideachta. Tugtar Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe orthu seo go coitianta.
Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceán/tuairisceáin ó d'fhostóir gach bliain a thaispeánann an bhfuil tú tar éis:
- páirt a ghlacadh i scairscéim
- scair-roghanna a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh
- nó
- scaireanna a dhiúscairt.
Cén fáth a bhfuil mé ag fáil an litir seo?
Léirítear i dtaifid na gCoimisinéirí Ioncaim gur fheidhmigh tú Scair-Rogha d'Fhostaithe. Níor íocadh an Cháin Iomchuí ar Scair-Roghanna (RTSO) de 52% dlite ar an ngnóthachan scaireanna leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá.
Tá tú faoi dhliteanas cáin a íoc ar aon ghnóthachan nuair a dhéantar scair-roghanna a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh i scairscéim neamhcheadaithe. Ní bheidh an cháin asbhainte ag d'fhostóir ar do shon.
Cuimsíonn RTSO na nithe seo a leanas:
Gnóthachain a dhéantar roimh an 1 Eanáir 2024
Má rinne tú gnóthachan roimh an 1 Eanáir 2024, ba chóir duit:
Céard is gá duit a dhéanamh má dhéanann tú gnóthachan roimh an 01 Eanáir 2024
Má tá tú faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh, ní mór don chéile inmheasúnaithe tuairisceán a thíolacadh.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na céimeanna a bheidh le glacadh agat, féach Cén chaoi le Cáin Iomchuí ar Scair-Roghanna a ríomh agus a íoc.
Tabhair do d'aire
Meastar go bhfuil tú i do dhuine inmhuirir sa bhliain a dhéantar ar scair-rogha a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh. Ní mór duit clárú le haghaidh Féinmheasúnú Cánach Ioncaim agus Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh don bhliain sin.
Níl mé cláraithe le haghaidh Féinmheasúnú Cánach Ioncaim
Féadtar an tSeirbhís clárúcháin Cánach na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun clárú le haghaidh cáin ioncaim.
Níl mé cláraithe le haghaidh ROS
Féadtar clárú le haghaidh ROS trí cliceáil ar Cláraigh le haghaidh ROS.
Cén ioncam eile ar chóir dom a dhearbhú?
Ba chóir duit an méid seo a leanas a dhearbhú nuair a thíolacann tú do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11):
- díbhinní a fuair tú ó scaireanna, nár tuairiscíodh go fóill do na Coimisinéirí Ioncaim
- diúscairt scaireanna (a fuair tú trí rogha a fheidhmiú). Ní mór duit an diúscairt seo a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú mura bhfuil cáin dlite.
- agus
- gach ioncam eile.
Tá an cháin dhlite íoctha agam cheana féin
Ba chóir duit doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir é seo a dhéanamh trí M’Fhiosruithe.
Fiosruithe RTSO agus CGC
Tá RTSO dlite nuair dhéantar scair-roghanna a fheidhmiú.
Tá CGC dlite ar aon ghnóthachan a dhéantar ar dhíol nó diúscairt scaireanna.
Is dhá imeacht incháinithe ar leithligh iad an feidhmiú agus an díol sna cásanna seo a leanas:
- Tá RTSO dlite laistigh de 30 lá óna ndéantar feidhmiú
- agus
- Tá CGC dlite faoin 15 Nollaig nó faoin 31 Eanáir tar éis na diúscartha.
Tabhair do d'aire
I gcás diúscairtí CGC idir:
• 1 Eanáir agus 30 Samhain, ní mór duit CGC a íoc faoin 15 Nollaig sa bhliain chánach chéanna.
• 1 Nollaig agus 31 Nollaig, ní mór duit CGC a íoc faoin 31 Eanáir sa bhliain chánach dár gcionn.
Má d'íoc tú CGC go mícheart ar do ghnóthachan as scaireanna a fheidhmiú, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun do thuairisceáin a leasú.
Cur i bhfeidhm mícheart den díolúine bhliantúil €1270
Níl aon díolúine, asbhaint ná faoiseamh bliantúil ar fáil chun éileamh a dhéanamh i gcoinne gnóthachan a dhéanfaí nuair a fheidhmítear scair-rogha. Níl an díolúine phearsanta do CGC infheidhme i leith RTSO.
Fuair mé scaireanna i bPleananna Ceannaithe Scaireanna d'Fhostaithe (PCSF)
Féadfaidh sé go ndréachtófar roinnt scaireannna PCSF ar shlí a d'fhágfadh go mbeidís ina bPleananna Scair-rogha. Braithfidh sé seo ar gach plean aonair.
Má fheidhmíonn tú scair-rogha, ní mór duit sonraí faoi aon ghnóthachan a dhéanann tú a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon dliteanas cánach íoc go díreach. Ní bhainfidh d’fhostóir cáin thar do cheann.
Níl a fhios agam gur fheidhmigh mé scair-roghanna
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le rannóg Acmhainní Daonna nó párolla d'fhostóra.
Má theastaíonn tuilleadh cúnaimh uait
An bealach is éasca chun teagmháil a dhéanamh linn ná trí M’Fhiosruithe.