Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má fhaigheann tú íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) nach dtuairiscítear go díreach do na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór duit an t-ioncam sin a dhearbhú. Féadtar liosta na n-íocaíochtaí a chaithfidh tú a dhearbhú agus conas a ríomhtar cáin a fháil sa rannán Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Tá rátaí maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh don bhliain reatha agus blianta roimhe ón Rates of Payment (SW19) ar shuíomh idirlín an RCS.

Más fostóir thú le foireann atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh, níor chóir duit cáin a ghearradh ach ar an gcuid a bhaineann le pá-choibhneasa de thuarastal an fhostaí. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar conas cáin a ghearradh air seo ar an rannán Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Daoine a fhostú.