Dleacht Ghealltóireachta

Cén chaoi a gcláraím?

Is féidir le geallghlacadóirí ceadúnaithe agus idirghabhálaithe cian-ghealltóireachta, a bhfuil cónaí orthu sa Stát, clárú le haghaidh Dleachta Gealltóireachta agus Dleacht Idirghabhálaí Gealltóireachta. Féadtar clarú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Maidir le hidirghabhálaithe cian-gheallghlacadóra, nach bhfuil cónaí orthu sa Stát, ní mór d'iarratasóirí an fhoirm Clárúcháin Cánach – Tr (Bet) a chomhlánú. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais trí ríomhphost chuig BusinessTaxesRegistrations@revenue.ie.