Ceadúnas Geallghlacadóra

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Ní eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim an ceadúnas seo a thuilleadh. Ón 5 Feabhra 2026 ar aghaidh, is é Gambling Regulatory Authority of Ireland (GRAI) an t-údarás ceadúnúcháin do gach cineál ceadúnais gealltóireachta, lena n-áirítear Ceadúnais Gheallghlacadóra.

Tá faisnéis faoi ról an Rialálaí nua, agus faoin gcreat nua ceadúnúcháin, ar fáil ar an GRAI licensing page.

Leanfaidh oibreoirí de bheith faoi dhliteanas Dleacht Gealltóireachtaa íoc.

Ba chóir do gheallghlacadóirí ar eisíodh ceadúnas dóibh ó na Coimisinéirí Ioncaim don tréimhse 1 Nollaig 2025 go 30 Samhain 2026 an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara. Féadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag déanamh iarratas chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun d’oifig(í) geallghlacadóireachta a chlárú go dtí an 30 Samhain 2026. Ag an bpointe sin, rachaidh do Cheadúnas Geallghlacadóra agus aon chlárúchán in éag.

Ar aghaidh: Clárú oifige geallghlacadóra a athnuachan