Ceadúnas Geallghlacadóra

Clárú oifige geallghlacadóra a athnuachan

Ní mór Ceadúnas Geallghlacadóra a bheith agat sula gcláraíonn tú d’oifig(í) geallghlacadóra. Ní mór duit an méid seo a leanas a thíolacadh d'Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil:

  • Deimhniú/Deimhnithe um Oiriúnacht Áitribh i leith gach ceann de d’oifigí
  • agus
  • Foirm Iarratais chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag:

  • an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • rúnaí na cuideachta, nó stiúrthóir de chuid na cuideachta, más cuideachta chorpraithe atá ann.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseofar Fógra um Athnuachan duit i leith gach ceann de d'áitribh. Iarrfar ort sna fógraí seo d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnais a íoc.

Ar aghaidh: Deimhniú um oiriúnacht áitribh