Ceadúnas Geallghlacadóra

Deimhniú um Oiriúnacht Áitribh

Dearbhaítear sa deimhniú seo go bhfuil oifig geallghlacadóra oiriúnach lena chlárú ar Chlár na gCoimisinéirí Ioncaim um Oifigí Geallghlacadóra. Is é an Garda Síochána an comhlacht eisiúna do dheimhnithe den chineál sin. 

Ba chóir duit d’iarratas a chur faoi bhráid an Cheannfoirt de chuid an Gharda Síochána sa limistéar ina bhfuil d’áitreabh lonnaithe. 

Ní mór duit iarratas ar d’áitreabh a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 21 lá ó eisiúint do dheimhnithe.