Ceadúnas Geallghlacadóra

Ceadúnas Geallghlacadóra a Athnuachan

Seolfaidh an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil fógra um athnuachan chugat go gairid roimh dheireadh na tréimhse reatha ceadúnúcháin. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a athnuachan, do Dheimhniú (Dheimhnithe) Oiriúnachta Pearsanta a thíolacadh agus do cheadúnas a íoc.

Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith agat chomh maith. I gcás athnuachan de chuid cuideachta, tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag an gcuideachta agus ag gach duine de na hoifigigh chuí ainmnithe ar an gceadúnas.  

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.

Ar aghaidh: Clárú oifige gealltóireachta a athnuachan