Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Bunaíodh an Gambling Regulatory Authority of Ireland (GRAI) i mí an Mhárta 2025. Nuair a bheidh sé ag feidhmiú, beidh sé freagrach as cearrbhachas a rialáil. Idir an dá linn, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de cheadúnais a eisiúint faoi na hAchtanna maidir le Gealltóireacht agus Cearrbhachas

Féadtar fiosruithe faoin GRAI a sheoladh trí ríomhphost chuig communications@grai.ie

Má tá do ghnó páirteach i ngeallta a dhéanamh le daoine in Éirinn trí mheán cianda, ní mór Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra a bheith agat. Tá tú faoi dhliteanas an Dleacht Ghealltóireachta a íoc. 

Is éard atá i gceist le ‘meán cianda’ ná cumarsáid ar aon mheán leictreonach, lena n-áirítear an t-idirlíon, an fón agus aon chineál teileagrafaíochta, bíodh sé nó ná bíodh sé gan sreang.

Féadfaidh geallghlacadóirí ceadúnaithe glacadh le geallta trí mheán cianda gan Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra i gcúinsí áirithe. Is iad sin sa chás gur lú luach iomlán na ngeallta cianda ná:

  • €250,000
  • 10% dá láimhdeachas bliantúil clúdaithe ag Ceadúnas Geallghlacadóra.

Is í an tréimhse cheadúnacháin reatha ná ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025. Is tréimhse sheasta bliana í an tréimhse cheadúnacháin nua ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Rachaidh ceadúnais in éag ag deireadh na tréimhse ceadúnacháin, is cuma an dáta eisiúna.

An costas atá ar an gcéad Cheadúnas Cian-Gheallghlacadóra ná €5,000. Tá costas na hathnuachana bunaithe ar láimhdeachas.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Cian-Gheallghlacadóra