Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra

Athnuachan bunaithe ar láimhdeachas

Is éard is ciall le láimhdeachas bliantúil ná an méid, i dtéarmaí airgid, geallta a rinne an cian-gheallghlacadóir le daoine sa Stát in aon bhliain amháin. Ritheann an bhliain ó 1 Bealtaine go dtí 30 Aibreán sula dtagann an athnuachan chun bheith dlite ar 1 Iúil.

Má eisíodh an ceadúnas níos lú ná bliain ó shin, ritheann an tréimhse ón dáta eisiúna go dtí an 31 Bealtaine sula dtagann an athnuachan chun bheith dlite ar 1 Iúil.

Rátaí Athnuachana Dleachta Ceadúnais Iníoctha
Láimhdeachas BliantúilRátaí Dleachta

Níos lú ná €50 milliún

€10,000

Os cionn €50 milliún ach níos lú ná €75 milliún

€20,000

Os cionn €75 milliún ach níos lú ná €100 milliún

€30,000

Os cionn €100 milliún ach níos lú ná €150 milliún

€40,000

Os cionn €150 milliún ach níos lú ná €200 milliún

€60,000

Os cionn €200 milliún ach níos lú ná €300 milliún

€80,000

Os cionn €300 milliún ach níos lú ná €400 milliún

€120,000

Os cionn €400 milliún ach níos lú ná €500 milliún

€160,000

€500 milliún nó níos mó

€200,000

Ar aghaidh: Iarratasóirí chéad uaire neamhchónaitheacha ar cheadúnas