Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta
Léargas ginearálta
Tabhair do d'aire
Forálann an tAcht um Rialáil Cearrbhachais 2024 do bhunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (GRAI). Nuair a bheidh sé bunaithe go hiomlán, beidh an GRAI mar an t-aon chomhlacht freagrach as cearrbhachas a rialáil agus a cheadúnú in Éirinn. Idir an dá linn, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de cheadúnais a eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur 1931 agus faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956.
Laghdaigh an tAcht um Rialáil Cearrbhachais téarma an cheadúnais do gheallghlacadóirí agus d'idirghabhálaithe ó dhá bhliain go bliain amháin. Ba cheart fiosruithe maidir le ról an Rialálaí, nó an creat ceadúnaithe nua, a sheoladh chuig communications@grai.ie. Ba chóir fiosruithe faoi cheadúnais reatha a chur ar aghaidh chuig Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil.
Más éard atá i gceist le do ghnó ná daoine a cheadú chun geallta a chur le daoine eile trí mheán cianda, ní mór Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta a bheith agat. Tá tú faoi dhliteanas i leith na Dleachta Idirghabhálaí Gealltóireachta.
Tagraíonn 'meán cianda' d'aon mhodh trínar féidir le duine cumarsáid a dhéanamh agus idirbheart a dhéanamh le duine in áit fhisiciúil eile.
Is í an tréimhse cheadúnacháin reatha ná ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025. Is tréimhse sheasta bliana í an tréimhse cheadúnacháin nua ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Rachaidh ceadúnais in éag ag deireadh na tréimhse ceadúnacháin, is cuma an dáta eisiúna.
An costas atá ar an gcéad cheadúnas ná €5,000.
Tá costas na hathnuachana bunaithe ar thuilleamh bliantúil coimisiúin.
Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta